Maidir le PANA

Download the Press Release

Bunaíodh Comhaontas na Síochána is Neodrachta i mí na Nollag 1996 i mBaile Átha Cliath. Tá cead isteach ag gach grúpa agus gach duine a ghlacann lenár gcúig chuspóir.

Tá réimse fairsing grúpaí agus méid breisiúil daoine aonair comhcheangailte le PANA.

Déanann PANA iarracht ar pholasaí eachtrach neamhspleách d'Éirinn a mholadh, neodracht na hÉireann a chosaint, agus Náisiúin Aontaithe leasaithe a mholadh mar eagraíocht trína gcuirfidh Éirinn a cúraimí slándála chun cinn.

Ba é an chéad fheachtas mór ag PANA cur in aghaidh Chonradh Amsterdam. D'iarramar aguisín, cosúil leis sin a bhí bainte amach cheana ag an Danmhairg, a d'fhágfadh Éirinn as míleatú an Aontais Eorpaigh. Ba é PANA an príomh-chomhaontas i bhfeachtas reifrinn a rinne iarracht ar dhiúltú don chonradh, agus vótáil 37 faoin gcéad den phobal ina choinne.

Méadú suntasach é seo ar líon na nÉireannach a vótáil "ní hea" i reifrinn a bhain leis an Aontais Eorpach cheana.

Ina dhiaidh sin chuamar i mbun feachtas chun a chinntiú go mbeadh reifreann ann sula rachadh Éirinn isteach sa PFP de chuid NATO. Chailleamar an athuair, mar gur cheangail an Rialtas leis gan reifreann. Ach arís nochtadh creimeadh neodracht na hÉireann.

D'eagraíomar comhdháil mhór ar leasú na Náisiún Aontaithe, a chabhraigh linn ár stádas méadaitheach mar chomhaontas a dhaingniú.

Chuamar i mbun feachtas in aghaidh Chonradh Nice, mar ar iarramar arís aguisín cosúil leis sin a bhí bainte amach cheana ag muintir na Danmhairge, agus an babhta seo bhuamar.

Níor mhór don Rialtas glacadh le Fógairt ar an Neodracht, aguisín leis an mBunreacht a chiallaigh nárbh fhéidir le hÉirinn cloí le comhpholasaí cosanta de chuid an Aontais Eorpaigh gan reifreann. Cé gur é irigh leis an dara reifreann, mhéadaigh ar an vóta ina choinne, in ainneoin na lamháltas.

Tá fianaise shoiléir ann, mar sin, go dtacaíonn timpeall is 37-40 faoin gcéad de mhuintir na hÉireann le neamhspleáchas, daonlathas agus neodracht na hÉireann agus go gcuireann i gcoinne chlaochlú an Aontais Eorpaigh ina ollstát cónaidhme.

Tá PANA i mbun feachtas anois in aghaidh chinneadh an Rialtais ar ligean d'úsáid Aerfort na Sionainne ag na Stáit Aontaithe ina gcogadh concais ar an Iaráic.

Tá Comhaontas na Síochána is Neodrachta comhcheangailte le Gréasán na Síochána agus na gCeart Daonna agus le TEAM (an Ghluaiseacht Eorpach i gcoinne Maastricht), a dhéanann iarracht ar ghrúpaí ar aon intinn leo a thabhairt le chéile san Eoraip agus ar chomhoibriú le grúpaí cosúil leo ar fud an domhain.

No items found.