Bunreacht na hEorpa ar lar?

Download the Press Release

Baineadh geit mhor as ceannairi polaitiula an Aontas Eorpaigh (AE) nuair a fograiodh torthai na reifrinn ar Bhunreacht na hEorpa a tharla sa bhFrainc agus san Isiltir. Sa bhFrainc, dhiultaigh 55% don Bhunreacht agus 62% a bhi ina haghaidh san Isiltir. Ni hamhain san ach bhi lion na ndaoine a chaith vota sa da thir an-ard,70% sa bhFrainc agus 63% san Isiltir. Ni hamhlaidh go bhfeadfadh ceannairi na hEorpa an cluas bhodhar a thabhairt da saoranaigh fein,an bhfeadfadh? Bhi Bunreacht na hEorpa ar lar anois, nach raibh? Nach gciallaionn 'daonlathas', daonlathas?

Nuair a dhiultaigh votoiri na hEireann do Chonradh Nice (an chead cheann!), duradh linn nach nglacfai lenar nguth daonlathach toisc gur "tir bheag" i Eire agus go raibh lion na votoiri "an-iseal". Ma leantar leis an loighic sin ta coincheap an daonlathais san Eoraip anois ag brath ar ce chomh 'mor' is ata do thir agus ce chomh 'lionmhar' lucht votala agat. Ni loighic na daonlathas e seo,gan amhras, ach miloighic is frithdhaonlathas. Nil ann ach Rialu an Mhaorlathais, dairire. Ba leir don te is daille ag an am nach mbeadh Nice 2 ann ar chor ar bith da mba rud e go raibh an bua ag lucht Ta le haon vota amhain,cuma ce chomh gann lion na votoiri.

Ce a chreidfeafdh,afach,nach nglacfadh maorlathas polaitiuil na hEorpa le guth daonlathach na Fraince no na hIsiltire? Sa raiteas a d'eisigh ceannairi stat an AE tar eis na votai a theacht isteach, creid e no na creid, duradh le lucht Nil (an moramh) gur 'tuigeadh da gcuraimi is da n-imni' ach nar dhoigh leis na ceannairi go raibh na votoiri 'ag diultu don Bhunreacht' (ce gur ar an mBunreacht a bhi an vota) Dar leo,bheidis ag glacadh "deis macnaimh" sula rachaidis "ar aghaidh leis an bproiseas".

Nior bhain an raiteas ud aon gheit daonlathach astu siud a throid agus a bhuaigh Nice 1. Thuigeamar ag an am, agus tuigtear duinn go foill, nach "democratic deficit" ata i gceartlar an AE ach folus daonlathach. Tagann meadu suntasach ar an bhfolus san le gach vota 'daonlathach', mar dhea,a chaitear san AE.

An mbeidh deireadh amach anseo le reifrinn san AE toisc nach feidir leis na ceannairi na torthai a thuar? Ceard is fiu reifrinn mura nglactar leis na torthai? An gcuirfear na torthai ar ceal mura bhfaightear an freagra ceart? Nach cuma anois ce chomh 'beag' no ce chomh 'mor' an tir a fhreagraionn Nil? Nach cuma anois ce chomh lionmhar no chomh fanach lucht votala?

San AE anois,de reir dealraimh, ta seanmhana Henry Ford athchruthaithe ag ar gceannairi polaitiula: Is feidir pe fhreagra is mian leat a thabhairt... a fhad is gur Ta ata ann! Na ceapaimis, mar sin, go bhfuil Bunreacht na hEorpa ar lar. Nil se sa chonra fos na baol air. Ta lucht an mhaorlathais ag deanamh athbheou air faoi lathair agus, amhail Dracula, oiche dhorcha eigin...

Feargus Mac Aogain,Coiste Feidhmeannach Chomhaontas na Siochana is na Neodrachta/PANA. Foilsiodh iomlan an ailt seo don chead uair san INC News ,Geimhreadh 2005.

No items found.